Tá an íomhá ag an suíomh seo ar Shráid Seibheástopol ar an múrmhaisiú is mó ar glacadh grianghraf de i mBéal Feirste, agus tugann na céadta turasóir cuairt air gach seachtain, beag beann ar an séasúr. Iontaobhas Bhobby Sands a dhéanann cothabháil air. B’iomaí ealaíontóir a chuir lena dhearadh, Danny Devenny, Marty Lyons, Michael Doherty agus Gerard ‘Mo Chara’ Kelly ina measc.

Chomh maith le híomhá Bhobby (tuilleadh air seo thíos), tá dhá athfhriotal uaidh (óna dhialann phríosúnachta), agus ar an dá thaobh de tá íomhánna dá chomrádaithe in Óglaigh Bhéal Feirste agus iad ar an bpluid, Kieran Doherty (ar chlé) a toghadh go Dáil Éireann agus é ar stailc ocrais in 1981, agus Joe McDonnell (ar dheis) a gabhadh le Bobby i mí Dheireadh Fómhair 1976. Cailleadh Bobby, Joe agus Kieran in 1981. Faoi Joe tá íomhá den phoblachtach Feirsteach Sean McCaughey, a cailleadh ar stailc ocrais agus tarta i bpríosún Phortlaoise in 1946 agus é ag léirsiú in aghaidh na gcoinníollacha fíordhiana a leag rialtas Éireannach ar phoblachtaigh. Ar thaobh na láimhe deise den íomhá seo tá línte ó ‘The H-Block Song’ le Francie Brolly, beannacht lena anam:

I’ll wear no convict’s uniform
Nor meekly serve my time
That Britain might brand
Ireland’s fight
Eight hundred years of Crime

Ag bun an mhúrmhaisithe tá an fhuiseog agus í ag éalú óna cás/laincisí. Ó cheann de ghearrscéalta Bhobby, ‘The Lark and the Freedom Fighter’, a thagann an íomhá fhíorshiombalach seo. (As seo a baisteadh an siopa leabhair ‘an Fhuiseog’, atá in aice an mhúrmhaisithe. Is aistriúchán Gaeilge an méid sin ar ‘the lark’). Sa ghearrscéal úd a deir Bobby gur coir ríchruálach é príosúnacht na fuiseoige (éan ceoil a bhfuil clú agus cáil air), óir tá an fhuiseog ar na samhlacha is mó a shamhlaítear leis an tsaoirse agus leis an sonas. Éilíonn a garda príosúin gur cheart don fhuiseog beart a dhéanamh de réir a bhriathair, clúdaíonn a chás le héadach dubh mar phionós, agus séanann solas na gréine agus bia uirthi, ach is fada i gcónaí leis an bhfuiseog bheith saor agus a cuid amhrán féin a chanadh. Ba thúisce léi an bás ná géilleadh di do thoil a shéiléara.

Ag an mbarr ar fad, tá féinics miotasach, éan atá ina shamhail den athbheochan agus den athnuachan. Ag deireadh a shaoil a deirtear go dtéann sé trí thine, ach go n-aiséiríonn sé as an luaith ina dhiaidh. Ghlac an Ghluaiseacht Phoblachtánach leis an tsamhail tar éis phograim 1969 in aghaidh náisiúnaithe sna sráideanna anseo timpeall, mar ar aiséirigh Gluaiseacht a bhí i bhfad níos láidre is níos acmhainní, agus as ar eascair IRA atheagraithe.

Le daichead bliain anuas, bhí go leor múrmhaisithe ar an bhfalla seo ag acomhal Bhóthar na bhFál agus Shráid Seibheástopol, áit a bhfuil ceanncheathrú Shinn Féin Bhéal Feirste inniu. Loit patról Arm na Breataine roinnt acu; chonacthas cuid dá bhaill ag caitheamh millíní péinte leis an bhfalla in uair mharbh na hoíche nó go moch ar maidin. B’iomaí ionsaí buama agus gunna a rinneadh ar an oifig freisin; ina measc bhí marú a rinne oifigeach RUC ar thriúr san ionad comhairle ar chúinne Bhóthar na bhFál in 1992. Cúigear ar fad a lámhaigh sé, agus mharaigh Pat McBride agus Paddy Loughran, beirt a d’oibrigh san ionad, mar aon le Michael O’Dwyer, fear áitiúil a bhí ag fiosrú ceist tithíochta. Ghortaigh an tOifigeach RUC beirt eile go dona: Pat Wilson agus Kate Larkin.

Péinteáladh den chéad uair é in 1982

Loiteadh an múrmhaisiú seo gan aon rómhoill, agus cuireadh an múrmhaisiú thíos ina áit

Péinteáladh an múrmhaisiú seo i mí Lúnasa 1989 le comóradh a dhéanamh ar an bhfrithbheartaíocht in aghaidh fhilleadh Arm na Breataine ar ár sráideanna i Lúnasa 1969

Téann an múrmhaisiú seo de Bhobby Sands siar chomh fada le 1990

1995

2005

51/53 Bóthar na bhFál
Ar 170 Bhóthar na bhFál a lonnaíodh Ionad Preasa Poblachtánach Bhéal Feirste, mar aon leis an Republican News agus An Phoblacht/Republican News in 1979. In 1980 a bheartaigh lucht Ionad Preasa Poblachtánach Bhéal Feirste an foirgneamh a fhágáil agus é ag titim as a chéile de dheasca athfhorbairt tithíochta sa cheantar. Bogadh an t-ionad preasa, an nuachtán, iompar príosúin agus siopa na Croise Glaise ar fad go 51/53 Bóthar na bhFál, mar ar bhog Sinn Féin freisin. Iarchlinic na nDochtúirí Harrington agus Ryan a bhí ann (a raibh baint acu le hÓglaigh Bhéal Feirste thart ar 1920). Tugann an grianghraf seo (thíos) de Tom Hartley, bainisteoir oifige in 170, tuairim éigin duit faoi dhrochbhail an fhoirgnimh sular aistríodh na heagrais go suíomh nua.

B’iomaí ionsaí a rinneadh ar an Ionad Preasa Poblachtánach ar 170 Bóthar na bhFál. Ina measc bhí ionsaí carrbhuama, ionsaí gránáid láimhe, agus lámhach duine de thiománaithe veain an nuachtáin ag an doras tosaigh, Billy Kennedy. Rinne Arm na Breataine agus an RUC na scórtha ruathar air chomh maith, mar ar gabhadh baill foirne. Ionchúiseamh bhaill foirne an ‘Republican News’ agus go leor ball de Bhord Oifigeach Shinn Féin i mBéal Feirste ba thoradh air seo, mar aon le gabhadh chartlanna an nuachtáin. Níor tugadh ach codanna den chartlann ar ais nuair a thit an cás cúirte as a chéile. Le feiceáil sa ghrianghraf: Tom Hartley, bainisteoir ar an ionad preasa. Bhí sé ina Mhéara ar Bhéal Feirste ina dhiaidh sin agus é ina ionadaí ar Shinn Féin, agus tá cáil inniu air mar údar ar stair phríomhreilig Bhéal Feirste

Tharla, áfach, go raibh an foirgneamh ‘nua’ ag 51/53 chomh sean céanna le 170. Leagadh é agus atógadh é thart ar 2000.

Íomhá íocónach
Aon trian dá shaol a chaith Bobby sa phríosún; ní raibh sé ach seacht mbliana is fiche nuair a cailleadh é. Mar a tharlaíonn sé , ní raibh sé saor ach ar feadh sé mhí i ndiaidh dó Cásanna na Ceise Fada a fhágáil in Aibreán 1976. Gabhadh arís é i mí Dheireadh Fómhair. Bhí stádas polaitiúil aige sna Cásanna, agus glacadh roinnt grianghraf de go rúnda an uair sin. Ar cheann de na grianghraif úd a bunaíodh an íomhá reatha ar an bhfalla. D’fhág aghaidh fear óg gealgháireach, le folt fada mar a bheadh ar hipí, gur tugadh dúshlán do steiréitíopa an NIO gur ‘coirpeach’ a bhí ann. Theastaigh ón NIO go nglacfadh an preas idirnáisiúnta le grianghraf eile – ‘mugshot’ ón uair a gabhadh é – ach bhí sé ródhéanach. Fuair an íomhá aoibhiúil an ceann is fearr air agus tháinig clú agus cáil uirthi.

 

Bill Rolston a ghlac na grianghraif ar fad. Tá cuid acu ar fáil ina chúig imleabhar ar mhúrmhaisithe polaitiúla, ‘Drawing Support’ (a d’fhoilsigh Beyond the Pale Books).